Measúnú a dhéanamh ar fhianaise ar fhoghlaim i gCláir Foghlama Leibhéal 1
Nuair a chríochnaítear an clár foghlama sin, táthar ag súil go gcuirfidh an scoláire fianaise i láthair gur éascaíodh go rathúil iad chun rochtain a fháil ar na gnéithe agus na torthaí foghlama agus iad a bhaint amach. Is féidir an fhianaise a chur i láthair i gceann ar bith de na foirmeacha nó na meáin thuas. Beidh Gnéithe Cáilíochta, is é sin na critéir trína ndéantar measúnú ar obair an scoláire, in éindí leis an bhfianaise foghlama. Leagtar amach iontu na rudaí ba cheart a áireamh/chur in iúl san fhianaise lena léiriú gur éirigh leis an scoláire an toradh/na torthaí foghlama ábhartha a bhaint amach. Leagtar amach ar an gcéad leathanach eile sa Bhileog Bhreithnithe/Mheasúnaithe an sampla den Ghné Cháilíochta.
Is féidir fianaise ar an bhfoghlaim a chothú trí raon leathan modhanna measúnaithe agus i réimse foirmeacha. Leagtar amach i bhFíor 4 an próiseas trína ngintear, trína mbailítear agus trína mbreithnítear fianaise ar an bhfoghlaim.
Uaireanta is féidir le duine eile seachas an múinteoir fianaise ar an bhfoghlaim a ghabháil. Tá sé cabhrach nuair a bhíonn daoine eile in ann fianaise a bhailiú ar fhoghlaim an scoláire fiú (agus go háirithe) má léirítear taobh amuigh den seomra ranga í. D’fhéadfaí tuismitheoir/caomhnóir, teiripeoir, cúntóir riachtanas speisialta nó gairmí eile a oibríonn leis an scoláire a áireamh anseo. Ba cheart fianaise ar an bhfoghlaim a breathnaíodh a chur ar aghaidh chuig an múinteoir.
Toradh Foghlama i bhfócas:
An Múinteoir ag Faire/Bileog Mheasúnaithe sa tSraith Shóisearach
Ainm an scoláire: Séamus
Rang: Dúghorm
Múinteoir: Anraí
Torthaí foghlama i bhfócas: CFL1
Cá raibh an scoláire ag obair? An pobal
|
Cód |
Aonad Tosaíochta Foghlama (ATF) |
Cumarsáid, teanga agus litearthacht |
|
1.7 |
Gné: |
Caidrimh chumarsáideacha a fhorbairt |
|
Toradh Foghlama: |
Dul i ngleic le malartú suntasach le comhpháirtí cumarsáideach, agus taitneamh a bhaint as |
|
Cód |
Aonad Tosaíochta Foghlama (ATF) |
Cumarsáid, teanga agus litearthacht |
|
1.16 |
Gné: |
Fiosrú agus úsáid |
|
Toradh Foghlama: |
Iarratas a dhéanamh gan labhairt. |
|
Cód |
Aonad Tosaíochta Foghlama (ATF) |
Uimhearthacht |
|
2.24 |
Gné: |
Tomhais agus sonraí |
|
Toradh Foghlama: |
Páirt a ghlacadh in eispéireas siopadóireachta ina n-úsáidtear airgead ceart go feidhmiúil. |
Cúlra:
Tá Séamus ag obair laistigh den chéim ‘Ag éirí líofa’ den chontanam dul chun cinn don ghníomhaíocht seo. Úsáideann sé leideanna amhairc le cumarsáid a dhéanamh le daoine eile. Tá cleachtadh déanta aige ar a riachtanais a chur in iúl ar scoil agus sa phobal.
Is maith le Séamus roghanna a bheith aige ach teastaíonn am uaidh le cinneadh a dhéanamh. Is maith leis a bheith neamhspleách.
Gníomhaíocht Measúnaithe: Turas chuig an siopa.
Na Gnéithe Cáilíochta: Céard atá tú ag iarraidh a bheith ar chumas an scoláire a dhéanamh?
- Rogha a dhéanamh idir trí tháirge (criospaí, uachtar reoite, úlla) le PECS.
- Cárta amhairc a thabhairt do dhuine fásta go neamhspleách (múinteoir/cúntóir siopa).
- An nóta ceart a fháil as a sparán le híoc as an rud a roghnaigh sé.
Breathnuithe: Tá fianaise ar an méid seo a leanas...
Roghnaigh Séamus grianghraf d’úll glas nuair a bhí sé sa siopa áitiúil ó rogha idir mála Tayto cáise agus oinniún, Brunch agus úll glas a réitíodh roimh ré. Theastaigh trí leid ó bhéal uaidh le sos nóiméad amháin idir gach ceann sular thug sé an cárta don mhúinteoir. Tugadh a úll do Shéamus. Thóg sé a airgead amach as a phóca go neamhspleách agus thug sé nóta €10 don mhúinteoir (bhí nóta €5 aige ina sparán freisin). D’fhan sé don sóinseáil agus chuaigh sé ar ais chuig an mbus go neamhspleách.
Na chéad chéimeanna eile – Ag obair ar iarratais a dhéanamh ar dhaoine nach bhfuil aithne aige orthu.
Laghdú sna leideanna agus an t-am.
Slánú chuig praghas níos ísle chun an nóta cuí a roghnú.
Leibhéal measúnaithe (Leibhéal 1 de chuid na Sraithe Sóisearaí amháin):
|
Cuir tic leis an leibhéal oibre reatha |
Conairí dul chun cinn – Eochair |
|
B – Blaiseadh de |
|
|
A – Aird a thabhairt air |
|
|
F – Freagairt dó |
|
|
T – Tús a chur leis |
|
|
S – Sealbhú |
|
|
↦ |
ÉL – Ag éirí líofa |
|
G – Ginearálú |
Síniú: